Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.
Ghlaoigh Iónátán ar Dháiví agus d'inis sé an méid sin dó. Ansin thug Iónátán Dáiví leis go dtí Sól agus bhíodh sé ag freastal air faoi mar bhíodh roimhe sin.
Chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna go Ceíleá dá bhrí sin, agus chuireadar cath ar na Filistínigh, agus thugadar leo a n‑eallach mar chreach, agus bhriseadar go tubaisteach orthu. D'fhuascail Dáiví áitritheoirí Cheíleá ar an gcuma sin.