Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 19:20

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Sól giollaí chun Dáiví a ghabháil. Nuair a chonaic siad cuallacht na bhfáithe ag fáidheoireacht agus Samúéil ansiúd i gceannas orthu, tháinig spiorad Dé ar ghiollaí Shóil agus rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

D'ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air

Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail.

An té a thugann tairngreacht, áfach, is ag labhairt le daoine a bhíonn sé, á neartú, á spreagadh agus á misniú.

Nuair a thángadar go Gibeá, casadh buíon fáithe leis; luigh spiorad Dé go tréan air agus tháinig buile na bhfáithe air ina measc.

An oíche chéanna úd chuir Sól dream go teach Dháiví chun é a fhaire d'fhonn é a mharú maidin lá arna mhárach. Ach dúirt Míceal bean Dháiví leis: “Mura n‑éalaíonn tú le d'anam anocht, marófar thú amárach.”

Nuair a sheol Sól lucht a ghafa go Dáiví, dúirt sí: “Tá sé tinn.”

Tháinig an scéala go Sól: “Tá Dáiví sna botháin i Rámá.”

Nuair a fuair Sól an scéala sin chuir sé giollaí eile uaidh, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Ansin chuir Sól giollaí eile fós den tríú huair, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí