Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 19:19

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig an scéala go Sól: “Tá Dáiví sna botháin i Rámá.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Má éisteann rialtóir le héitheach, beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.

Theith Dáiví agus d'éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d'inis sé dó gach a ndearna Sól air. D'imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin.

Chuir Sól giollaí chun Dáiví a ghabháil. Nuair a chonaic siad cuallacht na bhfáithe ag fáidheoireacht agus Samúéil ansiúd i gceannas orthu, tháinig spiorad Dé ar ghiollaí Shóil agus rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.

Chuaigh cuid de mhuintir Zíf suas go Sól i nGibeá. “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach inár measc i ndaingin Hoiris ar Shliabh Haicíleá, laisteas de Ieisímeon?

Ansin tháinig muintir Zíf go Sól i nGibeá á rá: “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach ar Shliabh Haicíleá lastoir de Ieisímeon?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí