Theith Dáiví agus d'éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d'inis sé dó gach a ndearna Sól air. D'imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin.
D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.
Chuaigh sé féin go Rámá ansin, agus tháinig sé go tobar [an urláir bhuailte ar an gcnocán maol] agus d'fhiafraigh: “Cá bhfuil Samúéil agus Dáiví?” D'fhreagair duine éigin: “Féach, tá siad sna botháin i Rámá.”
D'imigh sé leis ón áit sin go dtí na botháin i Rámá agus tháinig spiorad Dé airsean chomh maith agus, ar an mbealach do, bhí sé ag fáidheoireacht nó gur shroich sé na botháin i Rámá.
Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d'athar a rá go bhfuil sé ar thóir m'anama?”
Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: “Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh: ‘Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”
Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d'adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.