Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 19:17

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Sól le Míceal: “Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?” D'fhreagair Míceal Sól á rá: “Dúirt sé liom: ‘Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?’ ”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. D'fhreagair an bhean: “D'imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d'fhill siad ar Iarúsailéim.

Labhair Aibnéar aris le hAsáhael: “Éirigh as an tóir orm, murab áil leat go leagfainn ar lár thú. Ansin conas d'fhéadfainn féachaint san aghaidh ardo dheartháir Ióáb arís?”

Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.

Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.

An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne?

Nuair a sheol Sól lucht a ghafa go Dáiví, dúirt sí: “Tá sé tinn.”

Chuadar isteach dá bhrí sin agus ansiúd rompu ar an leaba bhí an taráfaím agus an mothall d'fhionnadh gabhair ar a cheann!

Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: “Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.” Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna.

Ansin chonaic an bhean Samúéil agus scread sí in ard a cinn, agus dúirt le Sól: “Cén fáth gur chuir tú dallamullóg orm? Is tú Sól!”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí