Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 18:8

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: “Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Bhí a dheartháireacha in éad leis, ach rinne a athair a mhachnamh ar an scéal.

Dúirt a dheartháireacha leis: “An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?” Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte.

D'fhreagair Solamh rí a mháthair: “Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d'Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.”

Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.

Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?

Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.

Bhí an pobal ag cnáimhseán i dtaobh a gcruatan faoi éisteacht an Tiarna, agus arna gclos don Tiarna d'adhain a fhearg agus las lasair an Tiarna ina measc agus loisc sé imeall den champa.

Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: “Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.”

Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: “Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?”

Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”

Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d'fhear ná thú.

Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.

Agus bhí Sól ag faire go géar ar Dháiví ón lá sin amach.

Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví

Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí