Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 18:7

An Bíobla Naofa 1981

Is é a bhí á chanadh ag na mná agus iad ag rince: “Mharaigh Sól a mhílte, agus Dáiví a dheicheanna de mhílte.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ach d'fhreagair na fir: “Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.”

Seo iad briathra deireanacha Dháiví: Oracal Dháiví, mac Ieise, oracal an fhir a ardaíodh go hard, ungthach Dhia Iacóib, cantaire duanta Iosrael.

Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.

Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh: “Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire! chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”

Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: “Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh: ‘Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”

Rinne Dáiví a mhachnamh ar na focail seo ina chroí, agus tháinig scanradh air roimh Áicís rí Ghat.

Nach é seo an Dáiví a gcanaidís ina thaobh ag rince dóibh: ‘Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí