“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle - agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa.
Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,
Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith.