Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 18:28

An Bíobla Naofa 1981

Thuig Sól go dianmhaith ansin go raibh an Tiarna le Dáiví, agus go raibh cion ag [teaghlach Iosrael go léir] air,

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

D'fhreagraíodar: “Ba léir dúinn go raibh an Tiarna leat, agus dúramar: Bíodh mionn eadrainn, agus déanaimis conradh le chéile, sinne agus tusa,

Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.

agus nuair a chonaic a mháistir go raibh an Tiarna le Iósaef, agus conas mar a chuir an Tiarna a bhail ar gach ní dar ghabh sé i láimh,

Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.

Ansin thit Míceal, iníon le Sól, i ngrá le Dáiví. Insíodh é sin do Shól agus thaitin sé leis.

d'éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.

agus ba mhóide a eagla roimh Dháiví agus rinne de namhaid buan do Dháiví.

Óir má bheireann duine ar a namhaid, an ligfidh sé slán uaidh é? Go gcúití an Tiarna go maith leat a ndearna tú dom inniu.

Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Go raibh beannacht ort, a Dháiví, a mhic! Is iomaí éacht a dhéanfaidh tú agus beidh rith an rása leat.” Ansin d'imigh Dáiví leis agus d'fhill Sól ar a áit féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí