Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 17:8

An Bíobla Naofa 1981

Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d'fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: “Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”

Dúirt Ióáb: “Go gcuire an Tiarna an rath faoi chéad ar do phobal! Nach seirbhísigh le mo thiarna iad go léir, a thiarna, mo rí? Cén fáth a ndéanfadh mo thiarna an fiosrú seo? Cén fáth a dtabharfaí ciontacht ar Iosrael?”

Fad a bhí sé ag caint leo, seo aníos ó shluaite na bhFilistíneach, an gaiscíoch (darbh ainm Góla, an Filistíneach ó Ghat); labhair sé mar a dhéanadh cheana agus chuala Dáiví é.

Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”

Tógfaidh sé deachú de bhur gcaoirigh agus beidh sibhse in bhur ndaoir aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí