Bhí sáfach a shleá mar bhíoma fíodóra, agus sé chéad seicil de mheáchan iarainn mar cheann ar an tsleá sin. Bhí giolla roimhe amach ag iompar a scéithe.
Bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Agus mharaigh Ealchánán mac Iáír, ó Bheithil, Góla an Giteach ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.
Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi.
Bhris cogaíocht amach arís eile leis na Filistínigh agus mharaigh Ealchánán mac Iáír Lachmaí, deartháir Ghóla an Giteach, ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.