Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 17:46

An Bíobla Naofa 1981

Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Faoi chionn trí lá tabharfaidh Forann cead do chinn gan cheann duit, agus crochfaidh sé ar chrann thú agus íosfaidh an éanlaith do chuid feola de do chnámha.”

Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”

Fuair Rizpeá iníon Aiá éadach róin agus leath ar an gcarraig di féin é ó thús fhómhar na heorna nó gur thit an fhearthainn ón spéir air; níor lig sí d'éanlaith an aeir luí air sa lá, ná d'ainmhithe an mhachaire san oíche.

mar cloisfear trácht thar d'ainm, thar do láimh thréan, agus thar do ghéag ar tinneall - má thagann sé agus guí a dhéanamh i dtreo an Teampaill seo,

Go raibh na briathra seo de mo chuid, lena ndearna mé urnaí os comhair an Tiarna, i bhfianaise an Tiarna mo Dhia, de lá agus d'oíche, agus go seasa sé lena shearbhónta, agus go seasa sé lena phobal Iosrael de réir mar éileofar lá i ndiaidh lae;

Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”

Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”

Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m'anacair agus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.

Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.

Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m'ainm os comhair an tsaoil.

Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”

Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.

A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.

Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.

tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.

Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.

Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh.

agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.

Ach tabharfaidh an Tiarna do Dhia ar láimh duit iad, agus ciapfaidh sé iad nó go scriosfar iad.

Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”

Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”

Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé d'fheoil d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí