Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 17:40

An Bíobla Naofa 1981

Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; d'imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda.

Bhí orthusan seacht gcéad laoch, ar comhdheas acu deas agus clé, a bhféadfadh gach fear díobh cloch a chaitheamh as a chrann tabhaill le ribe gan iomrall.

Ina dhiaidh sin, tháinig Seamgar mac Anát. Chloígh sé sé chéad Filistíneach le brod damh; d'fhuascail seisean Iosrael freisin.

Chroch sé a chlaíomh os cíonn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. “Ní féidir dom siúl leo seo,” arsa Dáiví le Sól, “cheal taithí orthu.” Bhain Dáiví de arís ansin iad.

Bhí an Filistíneach ag teacht agus ag druidim le Dáiví agus a ghiolla scéithe roimhe amach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí