Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi.
Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu, fir a bhí chomh hard leis na céadrais agus chomh láidir leis na daracha; scrios mé a dtorthaí os cionn talún agus a bpréamhacha thíos fúithi.
(Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach d'fhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach? - í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.)
Fad a bhí sé ag caint leo, seo aníos ó shluaite na bhFilistíneach, an gaiscíoch (darbh ainm Góla, an Filistíneach ó Ghat); labhair sé mar a dhéanadh cheana agus chuala Dáiví é.