Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 17:38

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Sól a éide chatha féin ar Dháiví; chuir cafarr práis ar a cheann agus chuir lúireach práis uime.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Úmaigí na heacha; sa diallait, a mharcslua! In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh! Déanaigí líofa na gatha; cuirigí oraibh bhur lúireacha!

Lean Dáiví air: “An Tiarna a d'fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”

Chroch sé a chlaíomh os cíonn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. “Ní féidir dom siúl leo seo,” arsa Dáiví le Sól, “cheal taithí orthu.” Bhain Dáiví de arís ansin iad.

Bhain Iónátán de an fhallaing a bhí uime agus thug do Dháiví é; mar an gcéanna lena éide chatha, agus fiú a chlaíomh, a bhogha agus a chrios.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí