Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 17:37

An Bíobla Naofa 1981

Lean Dáiví air: “An Tiarna a d'fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”

Go raibh an Tiarna leat anois, a mhic, agus go gcuire sé an rath ort, ag tógáil tí don Tiarna do Dhia, mar a dúirt sé i do thaobh.

ar shaothar óir agus airgid agus cré-umha agus iarainn. Corraigh ort dá bhrí sin agus bí ag obair agus go raibh an Tiarna leat!”

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”

Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom?

D'éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort; agus chuir tú le neart m'anama.

I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort, bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;

Dúirt mé: “Is é mo laige a mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.”

Rinneamar rud ar Mhaois i ngach gnó, agus déanfaimid rud ortsa mar an gcéanna; go raibh an Tiarna do Dhia leatsa faoi mar a bhí le Maois, sin uile!

Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.”

Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.”

Chuir Sól a éide chatha féin ar Dháiví; chuir cafarr práis ar a cheann agus chuir lúireach práis uime.

ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.

Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé.

Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Go raibh beannacht ort, a Dháiví, a mhic! Is iomaí éacht a dhéanfaidh tú agus beidh rith an rása leat.” Ansin d'imigh Dáiví leis agus d'fhill Sól ar a áit féin.

Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí