Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 17:33

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Sól le Dáiví: “Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”

Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.”

Árrachtaigh mhóra arda clann seo Anácaím mar is eol duit; chuala tú an nath ina dtaobh: ‘Cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh chlann Anác?’

Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”

Dúirt Dáiví le Sól: “Bhíodh do shearbhónta i bhfeighil a chaorach dá athair, agus nuair a thagadh leon nó beithir agus uan a sciobadh ón tréad

D'fhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach.

“Faigh amach,” arsan rí, “cé leis an slataire.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí