agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n‑oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu.
Dúirt Iosrael le Iósaef: “Nach bhfuil do dheartháireacha ag aoireacht an tréada i Seicim? Téanam anois agus seolfaidh mé chucu thú.” “Teacht,” ar sé leis.
“Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.
mil, gruth, caoirigh, cáis agus daimh, go Dáiví agus a lucht leanúna le hithe. “Mar,” a dúradar, “tá ocras agus tuirse agus tart ar an slua san fhásach.”
Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: “Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.”
Ansin tháinig Dáiví go dtí an dá chéad a bhí rothraochta chun é a leanúint, an mhuintir a fágadh ag sileán Bhasór. Chuadarsan amach in airicis Dháiví agus na bhfear a bhí ina choimhdeacht, agus nuair tháinig Dáiví i gcóngar na ndaoine bheannaigh sé dóibh.