Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 16:6

An Bíobla Naofa 1981

Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Iarobám ina chroí istigh: “Dá réir seo, fillfidh an ríocht seo chun teaghlach Dháiví.

...mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile.

Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac,

Eilíhiú, deartháir le Dáiví, do na Iúdaigh; Omraí mac Mhíocáéil do na hÍosácáraigh.

Ach mar sin féin, thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m'athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m'athar, thug sé mise mar rí d'Iosrael go léir le barr deamhéine.

Ghlac Rachabám mar chéile, Machalat, iníon Irímiot mac Dháiví, agus Aibiochaíl iníon Eilíáb mac Ieise.

A Thiarna na slua, éist le mo ghuí; tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah

Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: “Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?” “Cosúil leat féin,” ar siad; “ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.”

D'imigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh - Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac.

D'fhág Dáiví a aistrithe faoi chúram gharda an bhagáiste, agus rith go dtí an líne chatha agus tháinig chun a dheartháireacha ag cur a dtuairisce.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí