Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”
Ar m'aistear dom ó Phadan Arám bhí sé de dhólás agam go bhfuair Ráchael bás i dtír Chanán, agus sinn tamall fós ó Eafrát. Rinne mé í a adhlacadh ansiúd ar an mbóthar go hEafrát, i mBeithil.”
Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
Chuaigh Adoiníá mac Haigít go Baitseaba máthair Sholaimh [agus chrom le hómós di]. “An turas síochánta é seo agat?” a d'fhiafraigh sí. D'fhreagair sé: “Sea, turas síochánta.”
Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”
Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.
Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,
Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d'iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d'imigh sé ar ais.
Tháinig Dáiví ansin go Nob go dtí Aichímeilic, sagart. Tháinig Aichímeilic amach go hurramach in airicis Dháiví agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil tú i d'aonar agus gan aon duine leat?”