Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”
Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.”
Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól