Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 16:12

An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

D'fhág sé Iósaef dá bhrí sin i mbun a mhaoine go léir, agus leis-sean ar láimh, ní raibh de chúram air féin ach an bia a chaitheadh sé. Bhí Iósaef córach dathúil,

Seo iad briathra deireanacha Dháiví: Oracal Dháiví, mac Ieise, oracal an fhir a ardaíodh go hard, ungthach Dhia Iacóib, cantaire duanta Iosrael.

Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.

Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’

Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:

“Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”

Agus thogh sé Dáiví a ghiolla; á thabhairt ó chróite na gcaorach.

Ghabh an bhean gin agus rug sí mac, agus nuair a chonaic sí gur bhunóc bhreá é, chuir sí i bhfolach é ar feadh trí mhí.

Dearg agus bán do mo ghrá; d'aithneófá i measc mílte é.

Ba ghile a flatha ná an sneachta; ba bháine iad ná bainne; ba dheirge corp iad ná an coiréal agus ba chosúil le saifír a gcló.

Dúirt sé ansin: “Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.”

“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,

“Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é

Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.

D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”

D'fhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach.

Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: “A Aibnéar, cé leis an t‑ógánach seo?” “Dar do bheo, a rí,” arsa Aibnéar, “nach eol dom.”

Nuair a chonaic Samúéil Sól, dúirt an Tiarna leis: “Sin é an fear a dúirt mé leat! Sin é an té a bheidh ag rialú mo phobail.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí