Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 16:11

An Bíobla Naofa 1981

D'fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb.

Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.

Seo an rud is gá duit á rá le mo shearbhónta Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thug mé ón talamh féaraigh thú agus ó ghiollacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.

Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.

Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: “Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d'fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d'uabhar agus an t‑olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí