1 Samúéil 16:1An Bíobla Naofa 1981Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.” Féach an chaibidil |
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.