Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha. Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.
Ghabh sé í féin agus a rí agus na láithreacha go léir a bhain léi; d'imríodar faobhar claímh orthu agus chuireadar gach dúil bheo inti faoin mbang; níor fhág sé fear inste scéil. Thug sé an íde chéanna ar Dheibír agus ar a rí agus a thug ar Heabrón agus a thug ar Libneá agus ar a rí.
Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.
D'fhreagair Sól Samúéil: “Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang.
Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”
Agus Nob, cathair na sagart, d'imir Sól claíomh uirthi, agus chuir chun báis le faobhar claímh idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin, eallach agus asail agus chaoirigh.
Faoin am ar shroich Dáiví agus a chuid fear Zicleag, ar an tríú lá, bhí ionradh déanta ag na hAmailéicigh ar an Neigib agus ar Zicleag. Ghabhadar Zicleag de ruathar agus chuireadar trí thine é,