Dúirt Samúéil: “Mar a d'fhág do chlaíomh mná gan chlann, Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.” Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál.
Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.
Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil, tá sé bealaithe le blonag, le fuil na n‑uan agus na ngabhar, le geir cheathrún na reithí. Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozrá agus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.
Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.
Ansin an tAmailéiceach agus an Canánach a bhí ag cur fúthu sna hardáin sin, thángadar anuas agus bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu síos amach go Hormá.
Ansin dúirt Adónaí Beizic: “Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.” Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.
Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”