Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa; is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal. Moladh le Dia!
Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?
ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm.
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.
Ach nuair a rinneadh sagart d'Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’ ”