Dúirt sé leis an bhfear: “De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna, agus gur ith tú de thoradh an chrainn ar aithin mé duit gan a ithe: Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn. Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de, gach lá de do shaol.
Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.” Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú.
Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.
Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: “Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.”
Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”
“Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,” arsa Sól, “mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n‑ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.”
“Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.”
Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.
Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d'ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n‑ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?
D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”