Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 15:2

An Bíobla Naofa 1981

Seo mar a deir Tiarna na Slua: ‘Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau.

Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil; pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,

Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”

Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.

Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu.

Ansin d'fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt: “Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha, ach dísceofar a shliocht go brách.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí