Chuir Dáiví teachtaireacht go muintir Iáibéis Gileád. “Go raibh beannacht oraibh ón Tiarna,” ar sé, “toisc go ndearna sibh an cineáltas seo do Shól, bhur dtiarna, agus gur adhlaic sibh é.
Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”
Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.
Dúirt sé lena mháthair: “An t‑aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh - rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin -
“Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,” arsa Boaz, “mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir.
“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.
D'fhreagair Sól Samúéil: “Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang.
Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n‑uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.
Thug duine de na seirbhísigh an scéala go hAibíogáil, bean Nábál. “Chuir Dáiví,” ar sé, “teachtairí ón bhfásach chun ceiliúradh dár máistir, ach thug sé aghaidh a chaoraíochta orthu.