ach dúirt Samúéil leis: “Cad tá déanta agat?” D'fhreagair Sól: “Chonaic mé an t‑arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis.
Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.
Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: “Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!”
Bhí splinc charraige ar thaobh agus splinc charraige ar an taobh eile den bhealach trína raibh Iónátán ag iarraidh dul anonn go dtí an garastún Filistíneach. Bhí Bózaez ar cheann acu agus Seine ar an gceann eile.
Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”