Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:47

An Bíobla Naofa 1981

Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Rug an té ba shine mac ar a dtug sí Móáb; agus eisean sinsear Móábach an lae inniu.

Agus rug an té ab óige mac ar dtug sí Bein Amaí; agus eisean sinsear Beiné Amón an lae inniu.

Seo inár ndiaidh sliocht Éasau, Eadóm is é sin:

Sin iad clann mhac Éasau, agus sin iad a dtaoisigh. Sin é Eadóm.

Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.

Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch. Níor chas bogha Iónátán ar ais Ná níor fhill claíomh Shóil follamh.

Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.

Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.

Chloígh Dáiví Hadad Eizir mac Rachob rí Zóbá agus é ar an mbealach ag iarraidh a chumhacht a leathnú thar an Abhainn.

D'ardaigh Dia namhaid eile dó, Razón mac Eiliádá. Theith seisean óna mháistir Hadad Eizir rí Zóbá.

Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlar na cruinne agus d'fhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis.

As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.

Bhí Sól... bliain d'aois nuair a thosaigh a réim agus bhí sé i réim dhá bhliain agus... ina rí ar Iosrael.

Bheartaigh Sól scor den tóir ar na Filistínigh, agus d'fhill na Filistínigh ar a ndúiche féin.

Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é.

Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí