Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:46

An Bíobla Naofa 1981

Bheartaigh Sól scor den tóir ar na Filistínigh, agus d'fhill na Filistínigh ar a ndúiche féin.

Féach an chaibidil Cóip

3 Tagairtí Cros  

Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.

Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].

Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí