Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:43

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Sól le Iónátán ansin: “Inis dom a bhfuil déanta agat.” “Ní dhearna mé,” arsa Iónátán, “ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.”

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.”

Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile.

Dúirt Sól: “Caith an crann idir mise agus mo mhac Iónátán.” Thit an crann ar Iónátán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí