Dúirt sé ansin le hIosrael go léir: “Seasaigí sibhse ar thaobh amháin, agus seasóidh mise agus mo mhac Iónátán ar an taobh eile.” Dúirt an pobal le Sól: “Déan mar is áil leat.”
Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: “Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.” D'fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é.
Dúirt Sól ansin: “Téimis síos i gcoim na hoíche agus déanaimis tóir agus creach ar na Filistínigh go breacadh an lae; ná fágaimis fear inste scéil.” “Déan mar is áil leat,” ar siad. Ach dúirt an sagart: “Téimis faoi dhéin Dé anseo.”
Dar an Tiarna beo a thugann an bua d'Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air.
Dúirt Sól ansin: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth nár thug tú freagra ar do shearbhónta inniu? Más ormsa agus ar mo mhac Iónátán atá an locht, a Dhia Iosrael, tabhair Úirím; más ar phobal Iosrael atá an locht, tabhair Tuimím.” Thit an crann ar Shól agus Iónátán agus d'imigh an pobal saor.