Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:39

An Bíobla Naofa 1981

Dar an Tiarna beo a thugann an bua d'Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin.

Dúirt an rí le Ióáb ansin: “Ceart go leor! Bíodh d'achainí agat! Imigh agus tabhair leat ar ais an t‑ógánach Aibseálóm!”

Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.

Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: “Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.” Níor bhlais aon duine den phobal greim.

Dúirt sé ansin le hIosrael go léir: “Seasaigí sibhse ar thaobh amháin, agus seasóidh mise agus mo mhac Iónátán ar an taobh eile.” Dúirt an pobal le Sól: “Déan mar is áil leat.”

Dúirt Sól: “Go ndéana Dia seo agus siúd liom, agus a thuilleadh de bhreis air, mura bhfaigheann tú bás, a Iónátán.”

Agus thug Sól aird ar a ndúirt Iónátán agus thug Sól mionn á rá: “Dar an Tiarna beo, ní mharófar é.”

Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”

Ach d'fhreagair an rí: “Cuirfear chun báis thú, cuirfear sin go cinnte, a Aichímeilic, thú féin agus do mhuintir go léir.”

Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí