Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:36

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Sól ansin: “Téimis síos i gcoim na hoíche agus déanaimis tóir agus creach ar na Filistínigh go breacadh an lae; ná fágaimis fear inste scéil.” “Déan mar is áil leat,” ar siad. Ach dúirt an sagart: “Téimis faoi dhéin Dé anseo.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Is fearr liomsa bheith i ngar do Dhia agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia, ionas go n‑inseoinn d'éachtaí go léir i ndoirse iníon Shíón.

Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:

“Faoi airm! Déanfaimid ionsaí faoi oíche agus scriosfaimid a páláis.”

Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.

Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach - sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.”

Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.

Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”

Thug muintir Iosrael leo mar chreach éadáil agus eallach na gcathracha sin; d'imríodar faobhar claímh ar gach daonnaí, agus scriosadar iad go léir; níor fhágadar fiú duine agus anáil na beatha ann.

Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: “Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.” D'fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é.

Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fagadh beirt díobh le chéile.

Bhí Aichíá mac Aichiteob, deartháir Í Cávód, mac Phíneachás, mac Éilí, sagart an Tiarna i Sileo, ann agus an t‑éafód á chaitheamh aige. Ní raibh a fhios ag an slua go raibh Iónátán imithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí