Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:35

An Bíobla Naofa 1981

Thóg Sól altóir don Tiarna; ba í sin an chéad altóir a thóg sé don Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d'éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.

(Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmad agus páláis a thógáil. Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith. Ach cuirfidh mise tine lena chathracha agus loiscfidh sí a pháláis.)

Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.

Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.

Lá arna mhárach, d'éirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach.

Thóg Gideón altóir don Tiarna san áit sin, agus thug sé Síocháin É An Tiarna mar ainm uirthi. Tá sí ina seasamh ansiúd fós in Ofrá na nAibíezreach.

Lean sé air ansin: “Imígí faoin slua agus abraigí leo: ‘Tugadh gach duine agaibh a dhamh nó a chaora agus maraídís anseo iad, gan peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna le bheith á n‑ithe fuil agus uile.’ ” Thug gach duine den phobal a dhamh leis an oíche sin agus mharaíodar ansiúd iad.

Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”

D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.

Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d'ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí