“Cad ina thaobh,” arsa Iósua, “gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!” Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.
Ansin labhair duine den phobal: “Chuir d'athair,” ar sé, “an pobal go docht faoi bhrí mionna á rá go mbeadh mallacht ar an té a d'íosfadh greim inniu” (agus bhí lagaíocht ar an bpobal).
Agus, dála an scéil, nárbh fhearr go mór é dá n‑íosfadh an pobal a ndóthain inniu as an gcreach a thógadar óna naimhde? Ní mor an t‑ár a cuireadh ar na Filistínigh.”