1 Samúéil 14:21An Bíobla Naofa 1981Fiú na hEabhraigh a chuaigh i seirbhís na bhFilistíneach roimhe sin, agus a ghabh suas leo go dtí an campa, ghabhadar leis na hIosraelaigh a bhí le Sól agus le Iónátán. Féach an chaibidil |
Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo?