Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:20

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuir Sól agus an mhuintir a bhí in éineacht leis iad féin in eagar agus chuadar chun an chatha; ansiúd bhí gach duine ag díriú a chlaímh ar a chéile agus bhí sé ina chíor thuathail.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ansin ghabh rí Iosrael amach agus ghabh idir eachra agus charbaid agus rinne ár is eirleach ar Arám.

Thug fir Amón agus Mhóáb fogha faoi mhuintir Shliabh Shaeír lena scriosadh faoin mbang, ach ní dhearnadar ach cuidiú le díthiú a chéile, nuair a bhí muintir Shaeír scriosta acu.

Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile, beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar, cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile, ríocht in aghaidh ríochta.

Cuirfidh mé gach [sórt uafáis] ina bhealach - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh claíomh gach fir ag fealladh ar a chéile.

Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n‑adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.

Chonaic farairí Shóil i nGibeá Bhiniáimin an campa á scaipeadh i ngach treo.

“Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí