Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:14

An Bíobla Naofa 1981

Sa chéad ár a chuir Iónátán agus a fhear iompair airm thit timpeall fiche fear i bhfad leathiomaire in acra talún.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm.

Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis.

Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.

Ghabh Iónátán suas ar lámhacán, agus a fhear iompair airm ina dhiaidh. Thiteadar siúd roimh Iónátán agus tháinig a fhear iompair airm ina dhiaidh, agus mharaigh sé iad.

Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí