Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.
Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath.
D'fhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: “Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?” D'fhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: “Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.”