Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 14:1

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Iónátán mac Shóil le fear iompair a airm lá: “Téanam anonn go dtí an garastún Filistíneach [sa bhealach],” ach ní dúirt sé aon ní lena athair.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana; ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde. Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.

Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé.

Scríob sé cuid den mhil amach ina láimh agus d'ith í ag gabháil an bhóthair. Nuair a d'fhill sé ar a athair agus ar a mháthair, thug sé roinnt dóibhsean freisin; d'ith siadsan leis an mhil, ach níor inis sé dóibh gur thóg sé í ó chonablach an leoin.

Thogh Gideón deichniúr dá ghiollaí agus rinne mar a dúirt an Tiarna leis. Ach le barr eagla roimh a theaghlach féin agus muintir an bhaile é sin a dhéanamh leis an lá, rinne sé é leis an oíche.

Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.

Lá catha [Mhicmeáis] ní raibh duine ar bith d'arm Shóil agus Iónátán a raibh claíomh ná sleá ina láimh seachas Sól agus a mhac Iónátán. 23 Ghabh buíon Filistíneach i dtreo Bhealach Mhicmeáis.

Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta.

Agus dúirt sí lena giollaí: “Ar aghaidh libh romham amach. Beidh mise ar bhur sála.” Ach níor inis sí aon ní dá fear, Nábál.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí