Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.
Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”
Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”
An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.
“Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá.
Nuair a d'fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d'fhilleadar ar ais ar an tóir.
Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.
Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath.
Chuaigh cuid de mhuintir Zíf suas go Sól i nGibeá. “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach inár measc i ndaingin Hoiris ar Shliabh Haicíleá, laisteas de Ieisímeon?
Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin.
Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.
Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh.