Lá catha [Mhicmeáis] ní raibh duine ar bith d'arm Shóil agus Iónátán a raibh claíomh ná sleá ina láimh seachas Sól agus a mhac Iónátán. 23 Ghabh buíon Filistíneach i dtreo Bhealach Mhicmeáis.
Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.
An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do Dhia Ní raibh focal astu. As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath, Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!
agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.”
Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví.