Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 13:16

An Bíobla Naofa 1981

D'fhan Sól, a mhac Iónátán, agus an slua a bhí in éineacht leis i nGibeá Bhiniáimin, agus bhí na Filistínigh i gcampa ag Micmeáis.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Anall leo ón talamh thall, i nGeaba atá siad ar ceathrúin oíche. Tá Rámá ar bhall amháin creatha, Gibeá Sól ag imeacht ina tháinrith;

Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.

Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: “Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!”

Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí