Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 13:15

An Bíobla Naofa 1981

D'éirigh Samúéil agus d'imigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin. Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.

Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta.

Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí