Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].
Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu, agus Árón, an duine a roghnaigh sé.
Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda; agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.
Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart. Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm. Ghairidís ar an Tiarna agus d'éisteadh sé leo.
Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: “Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.”
Iadsan, an Maois céanna seo agus an tÁrón céanna, a labhair le Forann, rí na hÉigipte, faoi chlann Iosrael a thabhairt amach as an Éigipt.
Theith Iacób go dtí críocha Arám; bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin, agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.
Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.