Beidh an fhuil ina comhartha agaibh ar na tithe ina bhfuil sibh. Nuair a fheicfidh mé an fhuil gabhfaidh mé tharaibh agus ní thitfidh aon phlá oraibh do bhur scrios nuair a bhuailfidh mé talamh na hÉigipte.
Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.
Sin iad briathra an chonartha a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois a dhéanamh le clann Iosrael i dtír Mhóáb i dteannta an chonartha a rinne sé leo ag Horaeb.
Ghair Maois ar Iosrael go léir agus dúirt leo: “Chonaic sibh gach a ndearna an Tiarna os comhair bhur súl i dtír na hÉigipte le Forann, lena shearbhóntaí, agus lena thír uile,
“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.